Cathal Seoighe

Cathal Seoighe

@cathal.bsky.social

Cuntas as Gaeilge. Suim agam sa nádúr, eolaíocht, cadhcáil, fidléireacht ar aonrothach agus rudaí fánacha eile.

887 followers333 following1K posts

D'iarr mo mhac is óige cabhair lena obair baile tír eolaíochta. Déanmhasach? Focal sách neamhchoitianta. Teorainn plátaí dibhéirseacha atá ag Téarma, rud a thuigfinn. Ag an am céanna bhí an sliocht seo á léamh agam i leabhar nua @nuachainteoir.bsky.social. Is dócha go mbeidh orm an leabhar a dhó.

Tá víosaí á ndiúltú ar chúinsí teicniúla do mhic léinn as Gaza a bhfuil scoláireachtaí faighte acu in Éirinn. Ábhar dóchais is ea an t-oideachas gur féidir an tsochaí a atógáil. Náireach go bhfuil bac á chur ar ollscoileanna sa tír seo a gcuid a dhéanamh. Achainí anseo: my.uplift.ie/petitions/vi...

my.uplift.ieVisa for Gaza studentsI'm calling on Jim O'Callaghan to approve visas for students from Gaza who have been granted scholarships to Irish universities. Will you add your name to the petition now?

Nuacht mhór i réimse na matamaitice: arú inné d'fhógair OpenAI go raibh a samhail mhór réasúnaithe théis fadhb chlúiteach a réiteach go neamhspleách. Baineann sé le leagan amach phointí ar an bplána. Is léiriú é an t-íomhá álainn seo (ó mathandcobb ar X) ar chineál áirithe 'réiteach' ar an bhfadhb.

Cathal Seoighe reposted

Seachtain gnóthach sa phub amach romhainn le na hOícheanta Ólaíochta mar chuid de @pintofscienceie.bsky.social BÁC in Anseo anocht, le foghlaim faoi rún na gcóiméad, taighde ar bun san RCSI, agus damhsa cuaille. Corcaigh amárach, agus ansin cathair na Gaillimhe agus Indreabhán. pintofscience.ie

pintofscience.ieHomeBringing scientists to your local pubs and cafes to present their latest discoveries and make you fall in love with science.

Ar mo bhealach go Gaoth Dobhair den chéad uair, leis an mBruach Thoir maidin amárach. Murdar san Amharclann ar siúl sa tráthnóna - leagan den léiriú idirghníomhach a chuir An Bruach Thoir ar siúl in Áras na nGael (Gaillimh) cupla mí ó shin. Ag súil go mór leis. Aon mholtaí? Aon spéiríní sa gceantar?

Tá trí bliana ag an mBreatain le leasú ollmhór a chur i gcrích ar an gcóras toghchánaíochta má tá torthaí tubaisteacha le seachaint, shílfeá. An bhfuil mórán cainte air sin inniu? (ní raibh mé ag leanúint na nuachta mórán). Vóta inaistrithe agus comhrialtais feasta an seans is fearr IMT.

Cathal Seoighe reposted

Ag ceiliúradh 20 bliain pósta. Shiúlamar isteach Tigh Neachtain agus bhí 'clúid Nóra' ar fáil, ainneoin go raibh an baile mór plódaithe san aimsir dheas. Dea-thuar, glacaim leis.

Mana a d'fhoghlaim mé ar scoil (dúradh linn, más buan mo chuimhne, go raibh sé luaite leis na Fianna): Comhrac don duine láidir, cosaint don duine lag, croí mór, fairsinge agus féile D'fhan sé liom, ach cad as a dtagann sé? Ní fheicim aon áit ar líne é (seans nach bhfuil sé baileach ceart agam).

Tá srón mhór agamsa, tá mant i mo chupán (díreach san áit cheart), nach maith mar a oireann muid dá chéile? Agus is cupán don deasóg cosúil liomsa atá ann anois! Feictear dom gurb iad ár lochtanna a thugann daoine le chéile chomh maith scaití (namhaid fíorghrá foirfeacht).

An bhfaca sibh rentahuman ponc ai go fóill? Suíomh a thugann deis do ghníomairí IS daoine a chur in áirithe do thascanna a bhfuil gníomh sa bhfíorshaol ag teastáil dóibh. Is féidir clárú saor in aisce, má tá fonn oraibh a bheith i mbarr an scuaine le friotháil a dhéanamh ar ár máistrí nua.

Lá fhéile Darwin sona daoibh, a chairde. Go n-éalaí muid bliain eile ó thua na héabhlóide.

Cathal Seoighe @cathal.bsky.social

Lá fhéile Darwin sona dóibh siúd a bhíonn á cheiliúradh! Postálaim an pictiúr seo an t-am seo chuile bhliain - sceitse de chrann an bheatha ó leabhar nótaí Darwin mar a tharraing barista i nGaillimh dom é roinnt blianta ó shin.

Ag baint an-sult as Féile Ghobnatan i mBaile Bhuirne. I measc na mbuaicphointí an turas a thug Eibhlín Ní Lionáird dúinn ar Reilig Ghobnatan. Seo í ag taispeáint Síle na Gig dúinn ós cionn fuinneoige an teampaill.

Tar éis an tsaoil is féidir gur mó meáchan an anama (21 g ar ndóigh) ná a bhfuil de mhicreaphlaistigh san inchinn... De réir na dtuairiscí is déanaí tá go leor fadhbanna leis na meastacháin a rinneadh ar leibhéal na micreaphlaistigh sa gcorp. Phew! www.theguardian.com/environment/...

theguardian.com‘A bombshell’: doubt cast on discovery of microplastics throughout human bodyExclusive: Some scientists say many detections are most likely error, with one high-profile study called a ‘joke’

An ghrian agus plúr na gréine ar an ngrianstad. Plúr (bláth) a bhfuil boladh láidir fanaile uaidh. Rud suaithinseach faoi: Tá sé dé-éiciach ach níl ach na cinn fhireanna in Éirinn nó sa mBreatain (ní bláth dúchasach atá ann). A milseacht á cur amú ar aer an fhásaigh, mar a dúirt an file.

Is é @darachoscolai.bsky.social an chéad aoi eile don "Oíche le...", sraith imeachtaí a thugann deis comhluadar a choinneáil i suíomh seascair sócúlach le daoine spéisiúla. Bígí linn Tigh Mhaidhc Pháidín i Mionloch (H91YW9W) ag a hocht ar an Aoine.

Cathal Seoighe @cathal.bsky.social

Beidh easóg linn ar an mBruach Thoir an Aoine bheag seo, mar chuid den tsraith imeachtaí "Oíche le..." ina mbíonn aoíanna éagsúla sa gcathaoir againn Tigh Mhaidhc Pháidín i Mionloch. Fáilte roimh chách.

Ainneoin nach bhfuil sé dleathach suth a roghnú bunaithe ar thréithe tuartha (ar nós airde, aigne ⁊rl) san RA (ná anseo) i gcomhthéacs IVF, is léir go dtarlaíonn sé. Úsáid á bhaint as saoráil faisnéise ⁊ comhlachtaí i dtíortha eile. Rud nach mór dul i ngleic leis. www.theguardian.com/society/2025...

theguardian.comUK IVF couples use legal loophole to rank embryos based on potential IQ, height and healthBritish fertility clinics raise scientific and ethical objections over patients sending embryos’ genetic data abroad for analysis

Beidh easóg linn ar an mBruach Thoir an Aoine bheag seo, mar chuid den tsraith imeachtaí "Oíche le..." ina mbíonn aoíanna éagsúla sa gcathaoir againn Tigh Mhaidhc Pháidín i Mionloch. Fáilte roimh chách.

D'fhás mé biatas siúcra i mbliana agus chaith mé cuid den lá le mo mhac is óige ag iarraidh siúcra a bhaint as cupla ceann acu. Torradh: mórán stró ar bheagán siúcra (a bhfuil blas láidir thornapaí air).

Ag súil go mór leis seo tráthnóna - feachtas nua á sheoladh ag an Oireachtas ar son oideachais triú leibhéal trí Ghaeilge. É sin a chur ag smaoineamh mé faoi chumainn mhic léinn a fheidhmíonn as Gaeilge níos luaithe.

Tá cumann Gaelach i ngach ollscoil sa tír déarfainn, a dhíríonn ar an nGaeilge. Nár dheas dá mbeadh ar a laghad cumann amháin eile a fheidhmíonn trí Ghaeilge dírithe ar ábhar eile - do na mic léinn le Gaeilge a mbeadh rudaí eile ar a n-intinn acu? Cén moltaí a bheadh agat dá leithéid?

Ar mo bhealach abhaile anois ón ardchathair, áit a raibh ceol á sheinnt agam do thoscairí chomhdhála i dteach stórais Guinness. Ag siúl i dtreo an bhus thug mé faoi deara an fógra seo don teaghlach céanna. Sean-fhógra is dócha, ach nach é atá dea-chumtha (ní thitimid amach faoi chor phonc séimhithe)

Ficheall Shíneach - bronntanas a fuair mé le déanaí ó iarrmhacléinn dochtúireachta a bhí ar ais ar cuairt ón tSín. Bhain mé féin agus mo mhac is óige, a bhfuil dúil mhór aige i gcluichí boird, an-sult as ag an deireadh seachtaine. Is ann don bhficheall Ghaelach leis, ach cá bhfaighfeá é le ceannach?

Inniu bhog mé ó Allianz don árachas baile. Tá costas (beag) sa mbreis leis an bpolasaí nua ach is beag sin le hais a bheith i mbun gnó le comhlacht ar nós Allianz atá ag tacú leis an gcinedhíothú (infheistíocht á déanamh acu in Iosrael agus i dtionscal na n-arm, Elbit san áireamh).

Tá an sprioc seo bainte amach cheana féin - fíorbhuíoch, a chairde. Roinnt dúshláin eile le sárú anois a bhaineann le víosa a fháil agus cead imeachta ó Gaza. Beidh le feiceáil.

Cathal Seoighe @cathal.bsky.social

Tá aithne curtha agam ar bhuachaill óg ó Gaza, a bhfuil bua ar leith aige don mhata. Le scrios iomlán an chórais oideachais ní raibh an deis aige an mheánscoil a chríochnú. Chruthaigh mé gofundme ar a shon agus ba mhór agam aon chabhair a bhfuil sé in acmhainn agaibh a thabhairt tinyurl.com/47rcc4rw

Tá aithne curtha agam ar bhuachaill óg ó Gaza, a bhfuil bua ar leith aige don mhata. Le scrios iomlán an chórais oideachais ní raibh an deis aige an mheánscoil a chríochnú. Chruthaigh mé gofundme ar a shon agus ba mhór agam aon chabhair a bhfuil sé in acmhainn agaibh a thabhairt tinyurl.com/47rcc4rw

tinyurl.comDonate to Help a student from Gaza complete his education in Ireland, organized by Cathal SeoigheMy name is Cathal Seoighe and I'm raising funds to enable Mah… Cathal Seoighe needs your support for Help a student from Gaza complete his education in Ireland

Ós rud é gur foilsíodh tuairisc bhliantúil an choimisinéara teanga inniu, cuirigí an dá leagan seo de na treoracha ar shuíomh idirlíon an stáit i gcomparáid le chéile. Mar a dúirt Spock tráth, it's Gaeilge, a Shéamuis, ach ní mar a aithníonn muid í.