Séamus Ó Conaill

Séamus Ó Conaill

@conallach.bsky.social

Fear Céile agus Athair | Gaeilge | Cultúr | Litríocht | Amhráin ar an Sean-Nós | Cearta Teanga | Dúlra

221 followers268 following123 posts

Séamus Ó Conaill reposted

Replying to @nlireland.bsky.social

Tá inscríbhinní Gaeilge a rinneadh chun a bpósadh a cheiliúradh le feiceáil, mar aon leis an teach inar bhuail Éamonn Ceannt agus Áine O'Brennan lena chéile den chéad uair, teaghlach agus óige Ceannt, agus breith a mic, Ronan. Tá roinnt sceitsí pinn luaidhe le feiceáil san imleabhar freisin.

Tuar na hAimsire -Seacht síon an apacailipsis -Aiteall -Báisteach fhiarsceabhach fheannta -Brothall meirbh dofhulaingthe -Díle bháistí dhamanta -Tréimhse thriomaigh -Fuacht nimhneach

Crann atá go maith chun beacha a mhealladh ná an caorthann. An t-am seo den bhliain, fásann bláthanna beaga buíbhána air agus bíonn an crann beo beathach le beacha. Caithfidh go bhfuil na céadta beach air i láthair na huaire, a ndordán ag líonadh an aeir.

Is trua nár aistríodh ach leabhar amháin sa sraith Harry Potter go Gaeilge. Tá an chéad leabhar ‘Harry Potter agus an Órchloch’ fíormhaith, aistriúchán paiteanta le saibhreas Gaeilge déanta ag Máire Nic Mhaoláin. Ach, nuair atá sé sin léite, caithfidh an páiste iompú ar an mBéarla…

Séamus Ó Conaill reposted

Gabriel Rosenstock imithe ar shlí na fírinne. Laoch ar lár. Croíbhriste. My dear friend and wonderful poet Gabriel Rosenstock has left us. He was one of a kind.

Séamus Ó Conaill reposted

Tuismitheoir: duine a bhfuil páiste nó páistí acu Tuirsmitheoir: duine a bhfuil páiste nó páistí acu agus nach bhfuair mórán codlata aréir (nó go rialta)

Séamus Ó Conaill reposted

Replying to @aonghusoha.bsky.social

Trítheangach atá an té a labhraíonn trí theanga. Dhátheangach atá an té a labhraíonn dhá theanga. Béarlóir an té nach labhraíonn ach teanga amháin ~ Claude Gagnière

Séamus Ó Conaill reposted

Replying to @aonghusoha.bsky.social

Cuairteoir D'Angus Lambkin Tháinís chugainn ón Domhan Toir cóta mairnéalaigh ort is mála ar do dhroim tháinís san earrach ón Domhan Toir. Bhí scéalta go leor agat ó chian is ó chóngar iad lán le hiontas is tuiscint dhomhanda thugais chugainn iad trasna an tóchair ( Ailbhe Ní Ghearbhuigh)

‘Aillte’ ar sheinnteoir TG4 Féasta físiúil, a thabharfaidh lón machnaimh duit faoi áilleacht an tsaoil atá mórthimpeall orainn. Tá dhá chaibidil sa tsraith seo: Sliabh Liag agus Aillte an Mhothair, curtha i láthair ag Cormac Mac Fhionnlaoich. www.tg4.ie/ga/player/ca...

tg4.ieAillte | Seinnteoir | Irish Television Channel, Súil EileTugtar spléachadh ar an ngeolaíocht, miotaseolaíocht, fiadhúlra agus scéalta a bhaineann le haillte Dhún na nGall, Mhaigh Eo agus an Chláir sa tsraith seo.

‘An Mianadóir’ le Jackie Mac Donncha. Úrscéilín taitneamhach tuairisciúil don aos óg faoi fhear aosta a fhilleann ar a fhód dúchais théis dó blianta a chaitheamh in Montana agus an t-amhras a chothaítear faoi. Tuilleadh forbartha ag teastáil i gcás an phríomhcharachtair b’fhéidir ach soléite beoga.