Éabhlóid

Éabhlóid

@eabhloid.bsky.social

Foilsitheoirí Leabhar

637 followers184 following52 posts

Comhghairdeas le Barzaz agus Máirín Ní Mhárta as Gradam de Bhaldraithe 2026 a fháil anocht ag Gradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais i nGaillimh don leabhar An Saol Sona

Éabhlóid reposted

✨Gearrliosta Ghradam de Bhaldraithe 2026!✨ Comhghairdeas leis na tithe foilsitheoireachta & na haistritheoirí ar fad a bhain gearrliosta na bliana amach!🎉 Tuilleadh Eolais: www.antoireachtas.ie #Oireachtas2026 #LoveLeabharGaeilge

Eagla na gCrann Croitheann na guaillí Leis an gháire, Leis an chaoineadh, Leis an eagla. Siúlann an eagla ó ghualainn go gualainn, Féach chomh croite is atá an crann ina bhfuil piléar, Is eagal leis na crainn máguaird go suífidh éan orthu. Dán le Mohsen Hosseinkhani ón Iaráin

Tá lúcháir orainn a fhógairt go mbeidh leabhar úr filíochta le hÁine Uí Fhoghlú, Scéal ó Carolina, á sheoladh ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh i gcomhar le Roinn na Gaeilge i gCorcaigh Déardaoin. Beidh an file Airgintíneach Jorge Fondebrider i láthair. Buail isteach má bhíonn tú thart. UCC 6:30pm sa Quad

Teidil úra ó Éabhlóid ar fáil ón Siopa Leabhar i mBÁC, An Ceathrú Póilí i mBF, Charlie Byrnes i nGaillimh, Teach Thomáis & Siopa na Crannóige i nGD & Aerfort Dhún na nGall, chomh maith leis na siopaí leabhar eile is fearr sa tír - bronntanais dheasa don Nollaig @ansiopaleabhar.bsky.social

Comhghairdeas le Dairena Ní Chinnéide, Caitríona Ní Chléirchín agus Máire Nic Mhaoláin atá ainmnithe do Ghradam Litríochta an Oireachtais i mbliana. Onóir mór dúinn a gcuid leabharthaí a fhoilsiú. Ádh mór leis na hainmnithigh uilig nuair a fhógraítear na buaiteoirí an mhí seo chugainn i nGaillimh.

Tá muid iontach buíoch do Mháirín Nic Eoin as a léirmheas thuisceanach ar leabhair Dhairena Ní Chinnéide agus Caitríona Ní Cléirchín in Poetry Ireland Review 145. Bhí ócáid dheas a sheolta ann i gCearnóg Mhuirfean inniu le Máirín ag léamh dánta leis an dá fhile.

Éabhlóid reposted

Tá seastán againn inniu ag Comhdháil Ghnó na Leabhar in Éirinn in Óstán Galmont i nGaillimh. Béim acu i mbliana ar leabhair Ghaeilge. Is deas casadh le lucht leabhair na tíre agus ár gcuid leabhair a chur ina láthair.

Faigh do thicéad anseo do cheolchoirm speisialta sa James Joyce Centre le Síle Denvir agus Dairena Ní Chinnéide mar chuid de cheiliúradh ar an leabhar úr filíochta 'Teacht Aniar' le Dairena Ní Chinnéide - 17ú Feabhra 6pm @jamesjoycecentre.bsky.social www.eventbrite.ie/e/teacht-ani...

eventbrite.ieTeacht Aniar: Meascra Dánta & Dánta NuaJoin us for the launch of a collection of Irish poetry by acclaimed Irish poet Dairena Ní Chinnéide with Síle Denvir.

Síle Denvir agus Dairena Ní Chinnéide ag seoladh 'Teacht Aniar', cnuasach nua filíochta Dairena, mar pháirt d'fhéile Tonnta in Amharclann Mick Lally i nGaillimh tráthnóna na féil' Bríde.

Má thaitin an leabhar "Athmháthair" leat seans go dtaitneoidh "Glórtha an Tráthnóna" leat, aistriúchán úr le Máire Nic Mhaoláin ar Le Voci Della Sera le Natalia Ginzburg. Scéal atá suite i dtuaisceart na hIodála ina dtumtar isteach i saol agus i nósanna na hIodála tú. Ar fáil ó eabhloid.com

Rinneadh "Glórtha an Tráthnóna" an t-aistriúchán is úire le Máire Nic Mhaoláin a sheoladh ag Oireachtas na Gaeilge Dé hAoine. Scoith an leabhair leis an scoith-scríbhneoir Iodálach Natalia Ginzburg. Léigh tuilleadh faoin ócáid anseo: eabhloid.com/glortha-an-t...

eabhloid.com"Glórtha an Tráthnóna" seolta ag Oireachtas na Gaeilge 2024 - ÉabhlóidLonnaithe i nGaeltacht Thír Chonaill, foilsíonn éabhlóid leabharthaí Gaeilge ar ardchaighdeán do gach aoisghrúpa. Le scríbhneoirí Gaeilge den chéad scoth, gheobhaidh tú cnuasaigh gearrscéalta agus fil...