Úna Bhreathnach

Úna Bhreathnach

@unaeb.bsky.social

Léachtóir i Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU. Ag obair ar Gaois, Téarma, Logainm, Ainm, Corpas Náisiúnta na Gaeilge, Canúint, agus Dúchas. Stuif eile freisin. Mo thuairimí féin!

1.1K followers973 following485 posts

Is féidir clárú anois dár Seimineár Canúineolaíochta: Déardaoin 26.11, in DCU. Painéal breá cainteoirí, le Roibeard Ó Maolalaigh, Diarmuid Ó Sé, Eoghan Ó Raghallaigh, Mícheál Ó Mainnín, Charlie Dillon, Róise Ní Bhaoill agus Aindí Mac Giolla Chomhghaill. www.eventbrite.com/e/seiminear-...

eventbrite.comSeimineár canúineolaíochta 2026Tá seimineár canúineolaíochta á reáchtáil chun plé a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla de chanúineolaíocht na Gaeilge in Éirinn agus in Albain.

Seolfar leagan snasta nua de Canúint.ie an trathnóna sin san Institiúid Ardléinn, leagan ar a bhfuil muid ag obair go crua le roinnt míonna (agus ar a mbeidh muid ag obair níos crua fós as seo go ceann 7 seachtain!).

Úna Bhreathnach reposted

PEARSE HUTCHINSON - CÉ A BHÍ ANN? Tapaigh an deis blaiseadh a fháil óna shaothar, leis na filí Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin, Eiléan Ní Chuilleanáin & Peter Sirr. ✨Ag Seinm Samhraidh: The Pearse Hutchinson project 🗓️ Dé Céadaoin, 11 Samhain 📍Teachers' Club Dublin 🌐Ticéid ar fáil ó IMRAM.ie

📅Reáchtálfar ceardlann canúineolaíochta in Gaois, DCU, Déardaoin 26 Samhain. Seolfar leagan nua de Canúint.ie an tráthnóna céanna mar chuid de Thionól na hInstitiúide Ardléinn, le hábhar (iontach!) nua agus Meitheal tras-scríbhneoireachta. Dáta don dialann!

Campaí samhraidh Gaeltachta do ghasúir meánscoile a bhfuil Gaeilge baile/Gaelscoile acu cheana agus atá 100% ag dul ann don chraic - an bhfuil a leithéid ann? (Má tá, níor tháinig mise orthu fóos)

Úna Bhreathnach reposted

Replying to @logainm.bsky.social

Féach téama na seachtaine: 'Macghníomhartha san úllord'. "Bhí an-tábhacht ag roinnt le húill in Éirinn anallód, mar is léir ó líon mór na dtagairtí don toradh agus don chrann araon in ainmneacha Gaeilge na mbailte fearainn..." - An Brainse Logainmneacha www.logainm.ie/ga/teamai/183

logainm.ieMacghníomhartha san úllord. Cnoc na nÚll/Applefort “the hill of the apples” (féach logainm.ie #[7820](https://www.logainm.ie/ga/7820)).Bunachar oifigiúil dátheangach logainmneacha na hÉireann.

An bhfuil a leithéid de rud ar fáil is léarscáil Gaeilge nó dátheangach de Bhaile Átha Cliath, ceann a chrochfá ar an mballa? Ní fheicim tada ag @ansiopaleabhar.bsky.social. (Le tusicint a thabhairt do ghasúir ar chrot na cathrach, agus domsa le turais a phleanáil gan bheith i dtuilleamaí an fhóin.)

Beidh Ceardlann 'Logainmneacha agus an Éiceolaíocht sa Chomhthéacs Eorpach' á reáchtáil ag Gaois i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha Déardaoin seo chugainn, an 23 Iúil. Tá áthas orainn go mbeidh an tAire Dara Calleary linn leis an lá a chur sa tsiúil agus leis an gcrann seo a chur dúinn.

Ruathar rothaíochta cois Canála, cois na Dothra, agus chuig an Músaem Náisiúnta Cló ar maidin. Is mór an sásamh na cosáin nua rothar a bheith á bhforbairt agus bheith in ann gasúir a thabhairt amach go réasúnta sábháilte.

Tá muid ag earcú! Cúntóir Taighde le Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU. Conradh ar Théarma Seasta suas le 2 bhliain. Bí páirteach i bhforbairt acmhainní digiteacha den chéad scoth do lucht labhartha na Gaeilge. Dáta dúnta: An Luan, 25 Bealtaine. www.dcu.ie/people/jobs

dcu.ieJobs - Open Vacancies at DCU | DCU PeopleWant to advance your career and work at Dublin City University? Find all of our job vacancies here, from teaching positions to administrative positions.

Tá muid (Andrea Palandri & Deirdre Ní Chonghaile go háirithe) ag obair le hábhar fuaime as @ria.ie (Doegen), @ucc.ie agus @dias.ie a chur le Canúint chomh maith le @rte.ie. Íomhá 🔽 de na barúntachtaí uile, le taifeadtaí den chanúint dúchais, a bheidh ann. Leagan nua ag teacht faoi Shamhain.

Úna Bhreathnach reposted

Úna Bhreathnach reposted

Ócáid bhreá Tigh Charlie Byrne i nGaillimh 6pm tráthnóna — Diarmuid Johnson, Aodh Ó Coileáin, agus léitheoirí na Gaeilge. Fíon agus leabhair! Fáilte roimh chách.

An-deas fáilte a chur roimh iris nua filíochta, An Dearcán, ar Champas na Naomh Uile anocht. Comhghairdeachas le @laoighseach.bsky.social agus leis na filí a chnuasaigh si chuici!

Laoighseach Ní Choistealbha@laoighseach.bsky.social

An Dearcán: 📌 Ar fáil in.... Charlie Byrne's, Gaillimh Siopa Chló Iar-Chonnacht, Conamara An Ceathrú Póilí, Béal Feirste An Siopa Gaeilge, Dhún na nGall (nó díreach uaimse) Le seoladh ar an... 10ú Márta @ 7in Campas na Naomh Uile DCU 12ú Márta @ 5in Áras na Gaeilge Ollscoil na Gaillimhe

Úna Bhreathnach reposted

#OTD 142 years ago, Edward Sapir (1884–1939) was born 🎉 An expert on many Indigenous American languages, particularly Athabaskan languages, but also Yiddish, he is known for introducing the idea of language drift. He was also active in the development of Interlingua. #LinguisticBirthdys #Histlx

Úna Bhreathnach reposted

Comhaltachtaí PhD á lorg ag Fiontar & Scoil na Gaeilge 🗓️ Spriocdháta: Aibr 3 📬 Teangmháil: gearoidin.uilaighleis@dcu.ie | padraig.oliathain@dcu.ie Taighde: Cúrsaí teanga & aistriúcháin, bainistíocht & fiontraíocht, daonnachtaí digiteacha & teangeolaíocht chorpais, litríocht chomhaimseartha & eile!

Úna Bhreathnach reposted

Replying to @unaeb.bsky.social

Maith an cheist í sin - bhíos ag iarraidh a sceitseáil amach go garbh ( ag úsáid Ordlathas Mhaslow mar chreat ) cén riachtanais atá ag pobal teanga agus ag ceistiú bhfuil béim á gcur ag an tsochaí ar na rudaí míchearta mar léiriú ar "athbheochan" srl.

Úna Bhreathnach reposted

A chairde, tá suirbhé a chur amach againn maidir le leabhair páistí Gaeilge atá scríofa go canúnach/a oireann do chanúintí faoi leith. Má tá 5 bhomaite agaibh, bheadh fáilte mhór roimh bhur moltaí! 📋 forms.gle/HQQTJRJjhADE...

forms.gleLeabhair canúnacha Gaeilge do pháistíTá ABAIR.ie i mbun toraíochta ar leabhair páistí atá i nGaeilge chanúnach, do thaighde a chabhraíonn le teicneolaíocht urlabhra a fhorbairt do pháistí sa Ghaeilge, Míle Glór na nÓg (www.mileglornanog...

Chonaic mise agus cúpla Swiftie beag é seo anuraidh - dar leis na Swifties beaga go raibh sé níos fearr ná an Taylor eile a chonaic siad, toisc go bhfuair siad an clár sínithe ag Róisín!

IMRAM@imramfeile.bsky.social

Tionscadal Taylor Swift i nGaillimh le @roisinseoighe agus @imlé ar an 31 Eanáir. Ticéid ar fáil ó www.tht.ie

Snáithe spéisiúil thíos faoi ainmneacha áite 'Rúiseacha' sa tír seo. Interesting thread about 'Russian' in Irish placenames.

Andrew Doherty@tidesntales.bsky.social

A cool start here this morning, but frost is burning off quickly with the sun Russianside Road, Cheekpoint #Waterford

Úna Bhreathnach reposted

Replying to @ucddublin.bsky.social

"This feast was called in Irish "Nodlag na mBan". The men used to say "Nodlag na mBan, Nodlag gan mhaith" but women used to say "Nodlag na mBan, Nodlag go maith"." 🔗 The Schools’ Collection, Volume 0917, Page 083 © National Folklore Collection, UCD | www.duchas.ie/en/cbes/5044...

duchas.ieValleymount · The Schools' CollectionThis is a collection of folklore compiled by schoolchildren in Ireland in the 1930s.